John 16:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do labhuir mé na neithesi ribh a mbríathruibh: tiocfuidh a naimsir, ann nach laibéora mé ribh a mbríathruibh, achd laibhéoruidh mé ribh go follus a dtimcheall a Nathar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do labhras an méid sin libh i samhlaoidibh: atá an uair ag teacht nach labharfad libh feasta i samhlaoidibh, acht go n‐innseochad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Tá an méid sin ráite agam libh i samhlaoidí; tá an t‑am ag teacht nach labhróidh mé níos mó i samhlaoidí, an t‑am a n‑inseoidh mé go soiléir sothuigthe daoibh i dtaobh an Athar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t-am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t-am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.