John 16:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sa ló sin íarrfuidhe a mainmsi: agus ní abruim ribh, go nguídhfe mé an Tathair ar bhur son:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Iarrfaidh sibh im’ ainm‐se an lá sin: agus ní abraim libh go nguidhfead chum an Athar ar bhúr son:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Sa lá úd beidh sibh ag déanamh bhur n‑iarratas i mʼainmse; agus níl mé ag rá go nguífidh mé an tAthair ar bhur son;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Iarrfaidh sibh i m' ainm an lá sin, agus nílim á rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Iarrfaidh sibh i mʼainm an lá sin, agus nílim dá rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.