John 16:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhradar a dheisciobail rís, Féuch, a nois labhrus tú go soilléir, agus ní labhrann tú cosamhlachd ar bith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt a dheisceabail, Féach, anois atáir ag labhairt go soiléir, agus ní samhlaoid atá agat d’á rádh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa na deisceabail, “Seo anois ag labhairt go soiléir sothuigthe tú, gan samhlaoid ar bith a úsáid!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt a dheisceabail leis: «Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú a rá.