John 16:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A nois aithneamáoid go bhfuil fios na nuile neitheann agad, agus nach righeann tú a leas duine ar bithe do chur cheasda ort: as so chreidmid gur ab ó Dhía tháinig tú.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá a fhios againn anois gur ab eol duit an uile nidh, agus nach gábhadh dhuit aon duine bheith gad’ cheistiú: creidimíd d’á bhrigh sin go dtáinig tú amach ó Dhia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach bhfuil feidhm ort aon duine ag cur ceisteanna ort; creidimid leis seo gur tháinig tú ó Dhia.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”