John 16:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nois atáim ag imtheachd chum an té do chuír úadh mé, agus ni fhíafruigheann éunduine aguibhse dhíom, Cá háit a dtéid tú?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atáim ag dul anois chum an té do chuir uaidh mé; agus ní fhuil duine agaibh g‐á fhiafruighe dhíom, Cá bhfuilir ag dul?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach táim anois ag imeacht chuig an té a chuir chugaibh mé; agus gan duine agaibh ag fiafraí díom, ‘Cá bhfuil do thriall?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ' Cá bhfuil tú ag dul?'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ‘Cá bhfuil tú ag dul?’