John 17:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní bhfuilim feasda sa tsáoghal gidheadh atáid so sa tsáoghal, agus atáimsi ag teachd chugadsa. A Athair Náomhtha, coimhéid ann thainm féin an mhuinntir thug tú dhamhsa, ionnus go mbeidís na náon, mar atámáoidne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní fhuilim‐se feasta ar an saoghal, agus atáid‐sean, ar an saoghal, agus atáim ag teacht chugat‐sa. A Athair Naomhtha, congbhuigh it’ ainm iad‐san thugais dom, chum go mba aon iad, amhail sinne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus anois ní den saol seo mé, ach tá siadsan ar an saol, agus mise ar mo shlí chugatsa. A Athair Naofa, coinnigh iad san ainm sin agat a thug tú domsa, ionas go mbeidh siadsan aontaithe, ar an nós céanna agus atáimidne aontaithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nílim ar an saol feasta ach tá siadsan ar an saol agus táim ag dul ag triall ortsa. A Athair naofa coinnigh iad i d' ainm an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nílim ar an saol feasta ach tá siad-san ar an saol agus táim ag dul ag triall ort-sa A Athair naofa, coinnigh iad i dʼainm– an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.