John 17:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An feadh do bhí misi na bhfarradh sa tsáoghal, do choimhéd mé íad ad ainmsi: do choimhéd mé an mhuinntir thug tusa dhamh, agus ní dheachuidh áonduine aca a mugha, achd mac na mallachd; ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An fhaid do bhíos‐sa ’n‐a bhfochair, do chongbhuigheas it’ ainm‐se iad‐san thugais dom, agus do chosnas iad, agus ní dheachaidh aoinneach aca amugha, acht mac an mhillte, chum go gcoimhlíonfaidhe an Scrioptúir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí mé leo, choinnigh mé iad san ainm sin agat a thug tú domsa; bhí mé i mo sciath chosanta acu, agus níor cailleadh aon duine acu ach an mac mallachta, ionas go bhfíorófaí an scrioptúr.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d' ainm an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i dʼainm –an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.