John 17:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Athair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeadh an sáoghal gur tusa do chuir uáit mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
fá mar atáir‐se, a Athair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéadh siad‐san ionainn, chómh maith: chum go gcreidfeadh an saoghal gur chuiris uait mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go mbí siad uile aontaithe le chéile; mar a bhíos tusa, a Athair, ionam, agus mise ionat, gur mar sin a bheas siad ionainne, ionas go gcreide an domhan gur chuir tú uait mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ionas gurb aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidh siad seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.