John 18:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreaguir Iósa é, Do labhair misi ós áird ris a tsáoghal; do theagaisg mé do ghnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinnighid na Iúdaighe uile a gceann a chéile; agus níor labhair mé éinní a bhfolach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa dhó, Do labhras go foscailte leis an saoghal; do‐ghnínn teagasc i gcómhnaidhe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinnigheann na h‐Iúdaigh uile le chéile; níor labhras éinnidh fá cheilt.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é freagra Íosa air, “Labhair mé os ard os comhair an tsaoil; bhinn i gcónaí ag teagasc sna sionagóga agus sa teampall, ina dtagann na Giúdaigh uile le chéile; níor labhair mé aon fhocal i modh rúin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa é: «Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Dhéanainn teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.