John 18:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Créud fa bhfiafruigheann tú dhíomsa? fiafruigh don mhuinntir do chúaluidh mé, créd a dubhairt mé ríu: féuch, atá a fhíos aca so créd a dubhairt mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cad chuige dhuit bheith ’gam’ cheistiú? Cuir ceist ortha‐san do‐chuala a ndubhairt mé leo: féach, is eol dóibh‐sean céard adubhairt mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cad chuige duit a fhiafraí díom? Fiafraigh den lucht éisteachta cad é a dúirt mé leo; tá a fhios acu siúd cad é a dúirt mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iad-san, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.”