John 18:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin nuáir do ghlac Iúdas buidhean agus oifigidh ó na hárdsagurtuibh agus ó na Phairisíneachuibh, tháinig sé do ionad sin é lainndéiribh agus lé tóirsibhibh agus lé harmuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus Iúdás, nuair fuair sé buidhean agus oifigigh ó na h‐árd‐shagartaibh agus ó na Fairisíneachaibh, tháinig sé chum na h‐áite, agus lóchrainn, agus tóirsí, agus airm aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghlac Iúdás mar sin complacht saighdiúirí agus oifigigh ó na hardsagairt agus ó na Fairiséigh, agus chuaigh siad ann faoi lóchrainn agus faoi thóirsí agus faoi airm.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.