John 18:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a dubhairt Pioláid ris, Má seadh an rí thú? Do fhreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is chuige tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndéanuinn fínné don fhírinne. Gach uile dhuine atá ar tháobh na fírinne éisdidh sé mo ghuthsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adubhairt Píoláid leis, An rí thú mar sin? D’fhreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Chuige sin rugadh mé, agus chuige sin thánag ar an saoghal, chum go dtiubhrainn fiadhnaise do’n fhírinne. Gach duine atá ar thaobh na fírinne, éisteann sé lem ghlór.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Píoláid leis, “Is rí tú mar sin?” Dʼfhreagair Íosa, “Is é do bhéal féin a deir gur rí mé. Is lena aghaidh seo a bhí mo bhreith agus mo theacht ar an saol, le mé fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach duine a bhfuil an fhírinne aige, éisteann sé le mo ghlór.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Pioláit leis: «Ach is rí thú ámh?» D' fhreagair Íosa: «De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Píoláit leis: “Ach is rí thú, ámh?” Dʼfhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol–chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.”