John 18:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagradar é, Iósa Nasardha. A dubhairt Iósa ríu, As misi é. Agus do bhí Iúdas, noch do bhraith é, na sheasamh na bhfochuir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagradar dó, Íosa Nasardha. Adubhairt Íosa leo, Is mise é. Agus Iúdás do bhí g‐á bhrath, bhí sé ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht leo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Íosa as Nasair,” a dúirt siad á fhreagairt. “Is mise é,” a deir sé leo. Bhí Iúdás, a bhraith é, ina sheasamh ansin ina measc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair siad é: «Íosa ó Nazarat.» Dúirt Íosa leo: «Is mise é.» Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo.