John 18:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus go gcoimhlionfuidhe an bhríathar, a dubhairt seisean, Níor léig mé éunduine a mugha dhá dtug tú dhamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum go gchóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt sé, Dhíobh‐san thugais dom níor chailleas duine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tharla sin leis an mbriathar a fhíorú a dúirt sé, “Níor chaill mé aon duine den mhéid a thug tú dom.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé «Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé–“Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.”