John 19:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uadh sin súas bá mían lé Píoláid a sgaóileadh: achd do thógbhadar na Híudaidhe gáir, ag rádh, Ma léigeann tú an fearso as, ní cara do Shéasar thú: gidh bé ní rí dhé féin labhruidh sé a naghaidh Shéasair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do bhí fonn ar Phíoláid Íosa do shaoradh: acht do liúgh na h‐Iúdaigh, g‐á rádh, Má shaorann tú an duine sin, ní cara le Céasar thú: gach duine do‐ghní rí dhe féin, is ag cur i gcoinnibh Chéasair atá sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Leis sin thug Píoláid iarraidh faoina scaoileadh, ach gur ghlaoigh na Giúdaigh in ard a gcinn, “Má scaoileann tú an duine sin, ní aon chara do Chaesar tú; níl duine dá ndéanann rí de féin nach gcuireann in éadan Chaesair.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: «Má scaoileann tú an duine seo saor,» ar siad, «ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus as sin amach bhí Píoláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chaesar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chaesair a bhíonn.”