John 19:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do éighmheadarsan, Beir uáinn é, beir uáinn é, croch é. A dubhairt Pioláid ríu, An ccrochfa misi bhur Ríghsé? Do fhreagradar na hárdsagairt, Ní bhfuil rí aguinn achd Séasar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leis na h‐Iúdachaibh, Sin é bhúr Rí! Acht do liúghadar, Tóg uainn é, tóg uainn é, croch é! Adubhairt Píoláid leo, An amhlaidh chrochfad bhúr Rí? D’fhreagair na h‐árd‐shagairt, Ní fhuil aon rí againn acht Céasar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghlaoigh siadsan os ard, “Imeacht gan filleadh air, imíodh sé chun na croiche!” Arsa Píoláid leo, “An ndéanfaidh mé bhur Rí a chrochadh?” Dʼfhreagair na hardsagairt, “Níl de rí os ar gcionn amach ó Chaesar.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach chuir siad na gártha suas: «Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!» Dúirt Pioláit leo: «An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?» D' fhreagair uachtaráin na sagart: «Níl de rí againne ach Céasar.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Píoláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” Dʼfhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Caesar.”