John 19:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag iomchar a chroiche dhó do chúaidh sé amach don áit dá ngoirthear ait na cloigne, dárab ainm a Neabhrais Golgota:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Rugadar Íosa, d’á bhrigh sin: agus d’imthigh sé amach, ag iomchar a chroise dhó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Chloiginn, d’á ngoirthear Golgotá i nEabhrais:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a ngairtear Golgota de in Eabhrais.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn a dtugtar Golgota san Eabhrais air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn–a dtugtar ‘Golgatá’ san Eabhrais air.