John 19:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A núair do chrochadar, na saighdiúiri Iósa, do ghlacadar a éudaighe, (agus do rinneadar ceithre cotanna, cuid do gach saighdiúir;) agus a chóta: agus do bhi an cóta gan fhugháighéul ann, ar na fhighe síos air fad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus na saighdiúirí, nuair bhí Íosa crochta aca, do thógadar a chuid éadaighe, agus do roinneadar ’n‐a gceithre codacha iad, cuid do gach saighdiúr; agus an chasóg, chómh maith: agus do bhí an chasóg gan fuagháil innti, í fighthe ar fad ó n‐a bárr.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí Íosa curtha ar chrois a chéasta ag na saighdiúirí ghlac siad a bhaill éadaigh go ndearna ceithre chuid díobh, cuid do gach saighdiúir acu; agus a thuineach. Ach is tuineach gan uaim a bhí inti, agus é fite in aon phíosa amháin ó bhun go barr;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh sciar don saighdiúir acu agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh–sciar don saighdiúir acu–agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.