John 19:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tar a éisi sin, ar na aithne Díosa go raibh gach uile ní ar na chríochnughadh, ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, a dubhairt sé, Atá tart oram.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
I n‐a dhiaidh sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh críochnuighthe, ionnas go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, adubhairt sé, Atá tart orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí a fhios ag Íosa ina dhiaidh sin go raibh gach uile ní críochnaithe aige, agus (de gheall ar an scrioptúr a fhíorú) dúirt sé, “Tá tart orm.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: «Tá tart orm.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”