John 19:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí soitheach ann lán do bhinégre: agus ar líonadh spuinc don bhinéigre dhóibh, agus ar na chur a dtimcheall ísoip, do shíneadar chum a bheóil í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí soitheach ann, agus é lán de bhínéigre; agus do chuireadar sponnc lán de’n bhínéigre ar iosóip, agus do shíneadar chum a bhéil é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí soitheach lán dʼfhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shin suas lena bhéalsan é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí soitheach ansiúd lán d' fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí soitheach ansiúd lán dʼfhínéagar. Thum siad spúinse san fhínéagar agus chuir siad ar bharr craoibhe íosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é.