John 19:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin na Iúdaighe, do bhrígh go raibh lá a nullmhuighe ann, ionnus nach bhfanfaidís na cuirp ann sa chroich sa tsabbóid, (óir ba mór an lá sin na sábbóide,) díarradar ar Phíoláid a luirgbe bhriseadh, agus a dtabhairt a núas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin na h‐Iúdaigh, toisc lá an Ullmhuighthe bheith ann, chum nach bhfanfadh na cuirp ar an gcrois ar an tsabóid (óir ba lá mór lá na sabóide sin), d’iarradar ar Phíoláid go mbrisfidhe a loirgne, agus go dtógfaidhe as iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó ba í an bhigil í, sa dóigh nach bhfanfadh na coirp ar an gcrois lá na sabóide (mar bhí an tsabóid úd ina hard-fhéile), dʼiarr na Giúdaigh ar Phíoláid a gcosa a bhriseadh agus a dtógáil as.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide–óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin–rinne siad achainí ar Phíoláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.