John 19:38 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tar éis, so, díarr Ióseph ó Arimatéa, (noch do bhí na dheísciobal ag Iósa, achd go foluigheachd ar eagla na Níuduidheadh,) air Phíoláid go mbéuradh sé corp Iósa leis: agus tug Píoláid an cead sin do. Táinig seisean ann sin, agus rug sé leis corp Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ’n‐a dhiaidh sin, Seosamh ó Arimataea (do bhí ’n‐a dheisceabal ag Íosa, acht fá cheilt ar eagla na nIúdach), d’iarr sé ar Phíoláid leigean dó corp Íosa do bhreith leis: agus thug Píoláid cead dó. Tháinig sé mar sin, agus do thóg sé leis a chorp.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhi Iósaf as Arimatía ina dheisceabal ag Íosa, ach faoi choim, le heagla roimh na Giúdaigh. Dʼiarr seisean cead ar Phíoláid le corp Íosa a ardú leis, agus thug Píoláid an cead sin dó. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ina dhiaidh sin d' iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit ba dheisceabal d' Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ina dhiaidh sin dʼiarr Iósaef ó Aramatáia cead ar Phíoláit–ba dheisceabal dʼÍosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach–dʼiarr sé corp Íosa a bhreith leis, agus thug Píoláit an cead.