John 19:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar an gcéudna tháinig Nicodémus, (noch tháinic air tús chum Iósa sa noidhche,) agus tug sé leis a dtimcheall chéud punnta, do mhiorr agus aloes, ar na gcumasg thrí na chéile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig Nicodémus, leis, an té úd tháinig ar dtús chum Íosa san oidhche, agus tuairim céad púnt de mheascán mirr agus alóes aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig Nicodémus freisin, an té sin a tháinig chuige san oíche an chéad uair, agus meascán miorra agus aló leis a bhí tuairim is an céad punt meáchain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Niocadaemas freisin–é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús–tháinig sé agus meascán miorr agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.