John 19:42 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin tré ullmhughadh cásg na Níuduidheadh do bhrígh go ráibh an túama sin a ngar dhóibh; do chuireadar Iósa ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, de bhrigh go raibh lá an Ullmhuighthe ann, (óir do bhí an tuama cómhgarach), ba ann do chuireadar Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a chuir siad corp Íosa, ó bhí an tuama i ndeas dóibh, agus ó bhí Bigil Cháisc na nGiúdach ann an lá sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.