John 19:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin thainig Iósa amach, agus coróine spíne air, agus an brat purpair uime. Agus a dubhairt Píoláid ríu, Féuch an duine!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tháinig Íosa amach annsin, an choróin deilgneach air, agus an fhalaing chorcra uime. Agus adubhairt Píoláid leo, Féach an duine!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig Íosa amach mar sin faoin gcoróin spíne agus faoin bhfallaing chorcra. Dúirt Píoláid leo, “Seo daoibh an fear!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt [Pioláit] leo: «Siúd é an duine!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt Píoláit leo: “Siúd é an duine!”