John 19:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin an tan do chunncadar na hárdsagair agus a muinntir é, do thógbhadar gáir, ag rádh, Croch é, croch é. A dubhairt Píoláid ríu, Glacuidh féin, agus crochuidh é: óir ní fhaghaimsi cúis air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic na h‐árd‐shagairt agus na h‐oifigigh é, do liúghadar g‐á rádh, Croch é, croch é. Adubhairt Píoláid leo, Tógaidh féin é, agus crochaidh é: óir ní fhaghaim‐se coir ar bith ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic na hardsagairt agus na hoifigigh é, ghlaoigh siad in ard a gcinn, “Céas é, céas é!” Dúirt Píoláid leo, “Glacaigí agus crochaigí féin é, mar ní fhaighim coir ar bith ann.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: «Céas é! Céas é!» Dúirt Pioláit leo: «Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Píoláit leo: “Tógaigí sibh-se é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.”