John 19:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuáidh sé do chúirt a rís, agus a dubhairt sé ré Híosa, Gá has duitsi? Achd ní thug Iósa freagra air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do chuaidh sé isteach san bPraetorium arís, agus adubhairt sé le h‐Íosa, Cá h‐as duit‐se? Acht ní thug Íosa aon fhreagra air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
chuaigh sé isteach sa phraetorium arís agus dúirt sé le hÍosa, “Cá has ar tháinig tú?” Ach níor thug Íosa freagra air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: «Cad as duit?» Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le hÍosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.