John 2:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhairt sé leis, Cuireann gach uile dhuine an fíon maith ar bórd ar dtús; agus nuair bhíos cuid mhaith dhe olta, an fíon is measa, acht do choimhéadais‐se an fíon maith go dtí anois.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ar seisean leis, “Bíonn na daoine uile ag tabhairt amach an dea-fhíona i dtús coirme; agus an díogha ansin ar deireadh nuair a bhítear i ndiaidh braon maith a ól; ach tá an dea-fhíon coinnithe siar agat go dtí anois!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt leis: «Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt leis: “Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.”