John 2:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh caola, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh; agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do‐rinne sé sciúirse de théadaibh, agus do ruaig sé as an teampall amach iad uile, agus na caoirigh agus na daimh; agus do scaip sé airgead na malartóir, agus do leag sé a mbúird;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead lucht a mhalairtithe agus leag sé na boird,