John 2:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhlais uachtarán na fleidhe an t‐uisce ’n‐a fhíon, agus gan a fhios aige cad as é (acht do bhí a fhios ag na seirbhíseachaibh do tharraing an t‐uisce), do ghlaodh uachtarán na fleidhe ar an bhfear nua‐phósta,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhlais maor na coirme an t‑uisce a bhí anois ina fhíon, agus é in ainbhios faoi cá has ar tháinig sé (cé go raibh a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce), ghlaoigh maor na coirme ar an bhfear nuaphósta
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)