John 20:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhradar ría, A bhean, créud fá a nguileann tú? A dubhairt sise ríu, Do bhrígh go rugadar mo Thighearna léo, agus nach fios damh cá háit ann ar chuireadar é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhradar léi, A bhean, cad chuige an bhfuil tú ag gol? Adubhairt sise leo, De bhrigh gur thógadar mo Thighearna, agus nach bhfuil a fhios agam cár chuireadar é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar siadsan léi ansin, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” Ar sise leo, “Ar an tsiocair go bhfuil mo Thiarna tógtha ar shiúl acu, agus nach bhfuil a fhios agam cár leag siad é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,» ar siad léi. «Mar gur thóg siad mo Thiarna,» ar sí leo, «agus nach eol dom cár chuir siad é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.”