John 20:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa rís, A bhean, créud fá a nguileann tú? cía atá tú íarraigh? Ar na sháoilsin dise gur ab é an gárghadóir do bhí ann, a dubhairt sí ris, A thighearna, má rug tusa leachd é, innis damhsa gá hair ann ar chuir tú é, agus béuruidh misi leam é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa léi, A bhean, cad chuige an bhfuil tú ag gol? cia atá uait? Ba dhóigh léi‐se gurbh é an garradóir é, agus adubhairt sí leis, A dhuine uasail, má’s tusa do thóg as so é, innis dom cár chuiris é, agus tógfad‐sa liom é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé sin atá uait?” Shil sise gurbh é an garraíodóir é, agus dúirt sí leis, “A fhir chóir, más tú a thóg ar shiúl as seo é, inis dom cár leag tú é agus ardóidh mise liom é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa léi: «A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?» Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: «A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.”