John 20:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd an trátha nóna an lá sin féin, an céud lá don tseachdmhuin, agus ar mbeith do na dóirrdibh dúnta mar a rabhadar na deisciobáil cruinn deagla na Níuduigheadh, tháinig Iósa agus do sheas sé na lár, agus a dubhairt sé ríu, Síothcháin maille ribh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus le linn an tráthnóna, an lá sin, an chéad lá de’n tseachtmhain, agus na dóirse dúnta san tigh ’n‐a raibh na deisceabail cruinnighthe, ar eagla na nIúdach, tháinig Íosa agus do sheas sé ’n‐a measc, agus adubhairt sé leo, Síothcháin daoibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tráthnóna an lae sin, an chéad lá den tseachtain, nuair a bhí na doirse druidte ar an áit a raibh na deisceabail ann, le heagla roimh na Giúdaigh, tháinig Íosa chucu agus sheas sé ina measc, agus dúirt sé leo, “Go raibh an tsíocháin agaibh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: «Síocháin daoibh!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”