John 20:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a dubhradar na deisciobail eile rís, Do chunncamairne an Tighearna. Agus a dubhairt seision ríu, Muna bhfaice misi lórg na dtairrngeadh ann a lámhuibh, agus muna gcuire mé mo mhéur a náit na dtairrngeadh, agus muna ccuire mé mo lámh ann a tháobh, ní chreidfe mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt na deisceabail eile leis, Do chonnacamar an Tighearna. Acht adubhairt seisean leo, Muna bhfeicim ’n‐a lámhaibh rian na dtairngní, agus muna gcuirim mo mhéar isteach i n‐ionad na dtairngní, agus muna gcuirim mo lámh isteach ’n‐a thaobh, ní chreidfead.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼinis na deisceabail eile dó, “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach is é a dúirt sé leo, “Mura bhfeicim rian na dtairní ina lámha, agus mura gcuirim mo mhéar isteach san áit a ndeachaigh na tairní, agus mura gcuirim mo lámh isteach ina thaobh, ní chreidfidh mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt na deisceabail eile leis: «Chonaiceamar an Tiarna.» Ach dúirt seisean leo: «Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.”