John 20:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a gcionn óchd lá na dhiaigh sin do bhádar a dheisciobail a rís a stigh, agus Tomás na bhfochair: Táinig Iósa, ar mbeith do na dóirsibh dúnta, agus do sheas sé ann a lár, agus a dubhairt sé, Síothcháin maille ribh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ocht lá ’n‐a dhiaidh sin do bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás ’n‐a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do sheas sé ’n‐a measc, agus adubhairt, Síothcháin daoibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail sa teach sin, agus Tomás leo. Bhí na doirse druidte orthu, ach tháinig Íosa gur sheas ina measc agus go ndúirt, “Go raibh an tsíocháin agaibh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: «Síocháin daoibh!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!”