John 20:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an náipcin, do bhí uimá cheann, ní bhfochair an línéadaigh, achd air leith ar na fhilleadh air a chéile a náon áit amháin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus an naipcín, do bhí ar a cheann, acht é fillte i n‐áit eile ar leith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus an t‑éadach a bhí ar a cheann, agus é fillte air féin in áit ar leith, gan é a bheith ina luí leis na fáiscéain línéadaigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus an brat a bhí ar a cheann ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus an brat a bhí ar a cheann–ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.