John 21:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chuáidh Síomón Peadar súas, agus do tharruing sé an lion a dtír lán díasguibh mora, céud trí héisg dhéug agus dá fhichiot: agus gé do bhí a noirid sin ann, níor briseadh an lion.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuaidh Síomón Peadar san mbád, agus tharraing sé an líon i dtír, agus é lán d’iascaibh móra, céad agus caogadh agus a trí; agus bíodh go raibh an oiread sin díobh ann níor sracadh an líon.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuaigh Síomón Peadar mar sin ar bhord an bháid gur tharraing an líon aníos ar an trá, agus é lán dʼéisc mhóra, céad, caoga is trí cinn acu; agus i ndiaidh an mhéid a bhí ann acu, ní raibh an líon stróicthe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d' éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán mʼéisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.