John 21:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ríu, Taguidh ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnigheadar gurab é an Tighearna é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa leo, Tagaidh i leith agus ithidh bhúr gcéad‐lón. Agus níor lámh aoinneach de na deisceablaibh a fhiafruighe dhe, Cia thú? agus a fhios aca gurbh é an Tighearna é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «Tagaigí agus ithigí.» Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: «Cé hé thú féin?» mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh a fhios acu gurbh é an Tiarna é.