John 21:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Iósa ré Síomon Peadar, A Shíomoin, mhic Ióna, a nans leachd misi ná léo so? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna; atáa fhios agadsa gur ab ionnmhuin liom thu. A dubhairt seision ris, Beathuidh muáin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin, nuair do bhí ithte aca, adubhairt Íosa le Peadar, A Shíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Adubhairt seisean leis, Is eadh, a Thighearna is eol duit gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Beathuigh m’uain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí a mbricfeasta caite acu, arsa Íosa le Síomón Peadar, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an mó an grá atá agat dom ná an grá atá acu seo?” Ar seisean leis, “Is ea, a Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil cion agam ort.” Ar seisean leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chuid uan.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: «A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?» «Sea, a Thiarna,» ar seisean leis, «is eol duit go bhfuil grá agam duit.» Dúirt Íosa leis: «Déan m' uain a chothú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Is ea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mʼuain a chothú.”