John 21:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misi? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna, atá a fhios agadsa gur abionmhuin liom thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt sé arís leis an dara h‐uair, A Shíomóin Eoin, An bhfuil grádh agat dom? Adubhairt seisean leis, Atá, a Thighearna: atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Bí id’ aodhaire dom’ chaoiribh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt sé leis an dara huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Deir sé leis, “Tá, a Thiarna, tá a fhios agat an cion atá agam ort.” Dúirt sé leis, “Déan buachailleacht ar mo chaoirigh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leis an dara huair: «A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?» «Tá, a Thiarna,» ar seisean leis, «tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.» Dúirt sé leis: «Déan mo chaoirigh a aoireacht.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.”