John 21:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go deimhin, deimhin, a deirim riot, An tan do bhí tú ní as óige, do churthá féin do chrios thort, agus do chiúbhaltá mar a dtogarthá féin: achd an tan bhías tú arrsuidh, sínfe tú do lámha amach, agus cuirfe duine eile do chrios thort, agus tréoróchaidh sé thú, a náit nach áill leachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go fírinneach, adeirim leat, Nuair do bhí tú óg, do chuirtheá do chrios umat, agus do shiubhalthá id’ rogha áite; acht nuair bhéas tú aosta, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile an crios umat, agus tógfaidh sé thú i n‐áit nach áil leat.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Go deimhin agus go dearfa deirim leat, nuair a bhí tú óg, bhíteá do do chóiriú féin, agus ag siúl mar ba thoil leat féin, ach nuair a bheas tú anonn in aois, beidh tú ag síneadh amach do ghéag, agus beidh duine eile do do chóiriú agus do dʼiompar in áit nár thoiligh tú.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Amen, Amen, a deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Áiméan, Áiméan, deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.”