John 21:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seision riu, Teilgidh bhur lion ar an dtáobh ndeas don luing, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lion, agus níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing a steach lé híomad éisg.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Cuiridh an líon amach ar an taobh dheas de’n bhád, agus do‐gheobhaidh sibh. Do chuireadar, mar sin, agus annsin níor fhéadadar a tharraing, do bhí an oiread sin éisc ans.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar seisean leo, “Cuirigí bhur líon ar thaobh deas an bháid, agus gheobhaidh sibh rud éigin.” Chuir siad mar sin é, agus níor fhéad siad an líon a tharraingt isteach le méid na n‑iasc a bhí ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc. Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí an oiread sin iasc inti.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc.” Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí a oiread sin iasc inti.