John 21:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An deisceabal úd do b’ionmhain le h‐Íosa, adubhairt sé le Peadar, Is é an Tighearna atá ann. Nuair do‐chuala Peadar gurbh é an Tighearna é, do chuir sé a chóta air, (óir bhí sé nocht), agus do chaith sé é féin isteach san bhfairrge.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt an deisceabal úd ab ansa le hÍosa le Peadar, “Is é an Tiarna atá ann!” Nuair a chuala Síomón Peadar gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhaill éadaigh air, a bhí curtha de aige chun na hoibre, agus thug sé léim amach san fharraige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: «Is é an Tiarna é.» Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime mar bhí sé gan é agus chaith sé é féin isteach san fharraige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin an deisceabal ab ionúin le hÍosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime–mar bhí sé gan é–agus chaith sé é féin isteach sa bhfarraige.