John 3:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Go labhramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíadhnuisi ar an ní do chuancamar; achd ní ghabhtháoisi ar bhfíadhnuisi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go firinneach adeirim leat, Innsimíd an nidh atá ar eolas againn, agus do‐bheirimid fiadhnaise i dtaobh a bhfacamar: agus ní ghlacann sibh ár bhfiadhnaise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is fíor atá, agus is fíor mo rá, bímid ag labhairt faoin ní is eol dúinn agus ag tabhairt fianaise ar a bhfuil feicthe againn; agus sin gan sibh ag glacadh lenár bhfianaise uainn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Go deimhin féin, deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonaiceamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.