John 3:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Taínig sé so chum Iósa ann sa noidhche, agus a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía tháinig tusa ad fhear teagaisg: oír ní heidir lé héinneach na comharthuidhe so do ní tusa do dhéunamh, muna mbeith Día maílle rís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
tháinig seisean chum Íosa san oidhche, agus adubhairt sé leis, A Rabbí, atá a fhios againn gur múinteoir tháinig ó Dhia thú: óir ní féidir go ndéanfadh aon duine na míorbhailtí ghníos tusa, gan Dia bheith leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig sé chuig Íosa san oíche agus dúirt sé leis, “A Rabbí, aithnímid gur oide tú ó Dhia chugainn; mar ní fhéadfadh aon duine na comharthaí seo agat a dhéanamh, mura mbeadh Dia leis.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: «Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a Raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”