John 3:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht an té chleachtas an fhírinne tig sé chum an tsolais, chum go bhfoillseochaidhe a ghníomhartha, go ndearnadh iad i nDia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach an té a bhíos ag cur na fírinne i ngníomh, bíonn seisean ag teacht chun an tsolais, sa chruth go bhfeicfí go soiléir gur oibríodh a ghníomharthasan i nDia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach an té a dhéanann an fhírinne, tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfí gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach an té a dhéanann an fhírinne, tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfear gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha.”