John 3:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Táinig Iósa agus a dheisciobail na dhiaigh sin go tír Iúdaighe; agus do chomhnuigh sé ann sin maille riú, agus do bhaisd sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa agus a dheisceabail isteach i ndúthaigh Iúdaea; agus d’fhan sé ’n‐a chómhnaidhe annsin mar aon leo, agus do bhí sé ag baisteadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ina dhiaidh sin thug Íosa agus a dheisceabail tír Iúdaea orthu féin; agus dʼfhan sé leo ansin agus bhíodh sé ag baisteadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d' fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus dʼfhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.