John 3:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tangadar chum Eoin, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch, baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thángadar chum Eoin, agus adubhradar leis, A Rabbí, an té úd do bhí id’ fhochair taobh thall de Iórnán, go dtug tú fiadhnaise ’n‐a thaobh, féach, atá sé ag baisteadh, agus atá gach aoinneach ag teacht chuige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thángthas chuig Eoin agus dúradh leis, “A Rabbí, an té sin a bhí agat taobh thall den Iornán, ar thug tú an fhianaise air, seo anseo ag baisteadh é, agus an slua ag tarraingt air.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: «A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A Raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”