John 3:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té ag a bhfuil an bhainchéile is é an fear nua‐phósta é: acht cara an fhir nua‐phósta atá ’n‐a sheasamh ag éisteacht leis, bíonn an‐áthas air mar gheall ar ghuth an fhir nua‐phósta: d’á bhrigh sin, an t‐áthas atá orm‐sa atá sé iomlán.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a mbíonn an bhrídeog aige is é an fear nuaphósta é; ach cara an fhir nuaphósta, a sheasas leis agus a éisteas leis, bíonn glór an fhir nuaphósta ina ábhar mór lúcháire dó; dá bhrí sin de tá mo lúcháirse lán anois.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t-áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a bhfuil an nuachar aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr ghuth an chéile. An t-áthas mar sin atá orm-sa, tá sé iomlán.