John 3:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An té thig a nuás atá sé ós cionn cháich uile: an té atá ón talamh atá sé talmhuidhe, agus labhraidh sé neither talmhuighe: an té thig ó neamh, atá sé ós cionn cháich uile
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té thig anuas, atá sé ós cionn cách: an té thig ó’n talamh is duine talmhaidhe é, agus is ar neithibh talmhaidhe labhras sé: an té thig ó neamh atá sé ós cionn cách.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn an uile ní; an té atá as an talamh is leis an talamh é, agus is i dtaobh an talaimh a labhraíos sé; an té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn gach uile dhuine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a thagann anuas tá sé os cionn cách. An té atá ón talamh is ón talamh dó agus is dá réir a labhraíonn sé. An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té ar anuas a thagann, tá sé os cionn cách. An té ar den talamh é is den talamh dó agus is dá réir a labhraíonn sé. An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.